"Crann Úll" lyrics

"Crann Úll"

Tá crann úll i gcoirnéal an ghairdín
Is suífimid síos nó go gcuire muid an fál air
Ar eagla go dtitfeadh an bunadh óg i ngrá leis

Nuair a bhogfas tusa
Bogfaidh mise
Is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó

B'fhearr liom an gabha 'tá ag obair sa cheartán
Ag bualadh an t-ord go lúchmhar is go láidir
A shaothródh an scilling is d'ólfadh 'dtigh an tabhairne é

Nuair a bhogfas tusa
Bogfaidh mise
Is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó

B'fhearr liom an feirmeoir ag seoladh amach go haerach
Maidin dheas san earrach, le seisreach is péire
Ag cromadh ar an obair 's ag tiontó an chreafóg

Nuair a bhogfas tusa
Bogfaidh mise
Is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó

B'fhearr liom an t-iascaire amuigh ina bháidín
Ag cur a chuid eangach 's ag breith ar na bradáin
Ag troid leis na tonnta ó oíche go maidin

Nuair a bhogfas tusa
Bogfaidh mise
Is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó

Nuair a bhogfas tusa
Bogfaidh mise
Is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó


Writer(s): Ciaran Marion Brennan, Moya Brennan, Dp, Noel Vincent Duggan, Padraig Raymond Duggan
album: "Crann Úll" (1980)
Clannad - Crann Úll album cover
Lá Coimhthíoch Fán dTuath (A Strange Day In The Countryside)
(Instrumental)
Planxty Browne
(Instrumental)