"Níl Sé Ina Lá (Níl Sé'n Lá)" lyrics
"Níl Sé Ina Lá (Níl Sé'n Lá)"
Chuaigh mé isteach i dteach aréir
Is d'iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna
Is é dúirt sí liom "ní bhfaighidh tú deor
Buail an bóthar is gabh abhaile"
Níl sé ina lá, níl a ghrá
Níl sé ina lá is ní bheidh go maidin
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill
Solas ard atá sa ghealaigh
Chuir mé féin mo lámh i mo phóca
Is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi
Is é dúirt sí liom "suigh síos ag bord
Is bí ag ól anseo go maidin"
Níl sé ina lá, níl a ghrá
Níl sé ina lá is ní bheidh go maidin
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill
Solas ard atá sa ghealaigh
"Éirigh i do shuí, a fhear an tí
Cuir ort do bhrístí is do hata
Go gcoinne tú ceol leis an duine cóir
A bheas ag ól anseo go maidin"
Níl sé ina lá, níl a ghrá
Níl sé ina lá is ní bheidh go maidin
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill
Solas ard atá sa ghealaigh
Nach mise féin an fear gan chéill
A d'fhág mo chíos in mo scornaigh?
D'fhág mé léan orm féin
Is d'fhág mé séan ar dhaoine eile
Níl sé ina lá, níl a ghrá
Níl sé ina lá is ní bheidh go maidin
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill
Solas ard atá sa ghealaigh
- AZLyrics
- C
- Clannad Lyrics
Brian Boru's March
Mrs. Mcdermott
Harvest Home
live album:
"Clannad In Concert" (1979)
Fairies Hornpipe / Off To California
Planxty Burke