"Seachrán Charn tSiail" lyrics

"Seachrán Charn tSiail"

Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom
Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mó
Tharla an ainnir as an taobh aniar dom
Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród
Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim
Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól
Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal
Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós

Bheannaíos féin go preab don mhaighdean
Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór
D'fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn
A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród
D'fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine
Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg
Go mb'annamh a chonaic sise sac ma éideadh
Ar fhear ag bréagadh cailín óg

Níl siúd áit ó íochar Fhanad
Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó
Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach
Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór
Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach
Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair
Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin
'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid

Bhí mé ar an Mhuine Mhór is i gCaisleán Cába
I mBaile Uí Dhalaigh is i Lios na Sciath
Bhí me i Muineachán agus ar an Ghráinsigh
Is ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain
Aréir a tharlaigh i nDroichead Átha mé
'S anocht atá mé fá Charn tSíail
'S anois más roghain leat ar fhearaibh Fáil mé
Seo mo lámh duit, bíom ag triall


Writer(s): Ciaran Marion Brennan, Paul Hugh Brennan, Noel Duggan, Padraig Duggan, Moya Brennan
You May Also Like
Celtic Woman - "The Voice" I hear your voice on the wind And I hear you call out my name "Listen, my child," you say to me "I am the voice of your history Be not afraid, come follow me Answer my call, and I'll set you free"...
Enya - "The Celts" Hi-ri, Hi-ro, Hi-ri. Hoireann is O, ha hi, ra ha, ra ho ra. Hoireann is O, ha hi, ra ha, ra ha ra. Hi-ri, Hi-ra, Hi-ri. Saol na saol, Tus go deireadh. Ta muid beo Go deo. Saol na saol, Tus go...
Sinead O'Connor - "He Moved Through The Fair" My own love said to me "My mother won't mind And my father won't slight you For your lack of kind." He went away from me And this he did say: "It will not be long, Love 'Til our wedding day" He went...
Kate Bush - "The Man With The Child In His Eyes" "He's here! He's here! He's here! He's here!" I hear him, before I go to sleep And focus on the day that's been I realise he's there When I turn the light off and turn over Nobody knows about my...
Fairport Convention - "Fotheringay" How often she has gazed from castle windows all And watched the daylight passing within her captive wall With no one to heed her call The evening hour is fading within the dwindling sun And in a...