"I nGarran Na Bhile" lyrics
"I nGarran Na Bhile"
A raibh tú riamh I nGarán a Bhile?
An bhfaca tú í ' nGarán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór I nGarán a Bhile
Is gile í ná eala ar linn
Sna sneachta ar bharr na craoibhe cruinne
Is milse a póg ná drúcht na rós
'Si Cáit mo stór I nGarán a' Bhile
A raibh tú riamh I nGarán a Bhile?
An bhfaca tú í ' nGarán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór I nGarán a Bhile
Is binne a ceol ná lon 's na smól
A's na filiméala ar chraoibhe na saile
Mar loing faoi sheol ar thoinn gan cheó
Sea chimse mo stór I nGarán a' Bhile
A raibh tú riamh I nGarán a Bhile?
An bhfaca tú í ' nGarán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór I nGarán a Bhile
Chughasta a Chriost, le fonn mo ghuí
Má tá aon brí le guí an bhfile
Gan cáin, gan chíos, gan phráinn, gan dhíth
Go raibh Cáit is a budhin I nGarán a' Bhile
A raibh tú riamh I nGarán a Bhile?
An bhfaca tú í ' nGarán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór I nGarán a Bhile
A raibh tú riamh I nGarán a Bhile?
An bhfaca tú í ' nGarán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór I nGarán a Bhile
- AZLyrics
- W
- The Wolfe Tones Lyrics
album:
"Rifles Of The I.R.A." (1970)